Léim go dtí mír
Faisnéis suímh a bhailíonn TikTok • An fáth a bhailíonn TikTok faisnéis suímh • Conas Seirbhísí Suímh a chur ar siúl nó a mhúchadh in TikTok • Conas sonraí suímh ar leith a scriosadh • Conas suíomh a chur le do phostáil • Conas aiseolas a roinnt ar shuíomh clibeáilte • Cén fáth nach féidir roinnt suíomhanna a chlibeáil i bpostálacha
Faisnéis suímh arna bhailiú ag TikTok
Má tá tú 18 mbliana d'aois ar a laghad, i réigiún ina bhfuil Seirbhísí Suímh do ghléis ar fáil don aip TikTok, agus má tá Seirbhísí Suímh casta air agat, gheobhaimid:
• Neas-suíomh ó do ghléas, le do chead. Is meastachán é an fhaisnéis neas-suíomh a fhaighimid ó Sheirbhísí Suímh do ghléis de 3 chiliméadar chearnacha (1.16 míle chearnach) ar a laghad, bunaithe ar chinneadh ardleibhéil ar shuíomh GPS gléis. D'fhéadfadh an limistéar a bheith níos mó, ag brath ar chineál agus ar leagan an chórais oibriúcháin atá ar siúl ar do ghléas; nó
• Suíomh beacht ó do ghléas, le do chead. Beidh d'fhaisnéis suímh bheacht cruinn go 0-200 méadar bunaithe ar chinneadh an-chruinn ar shuíomh GPS gléis.
Chun Seirbhísí Suímh a chumasú, beidh ort cead a thabhairt laistigh de shocruithe do ghléis. Beidh an rogha agat a roghnú an mbeidh Seirbhísí Suímh ag brath ar fhaisnéis faoi gharbhshuíomh nó shuíomh beacht nuair a údaraíonn tú iad ar do ghléas. Faigh tuilleadh eolais ar Ionad Cabhrach Chuntas Google nó ar Tacaíocht Apple.
Nithe tábhachtacha le fios faoi fhaisnéis suímh ar TikTok:
• Ag brath ar do réigiún agus ar shocrú Seirbhís Suímh do ghléis, féadfar d’fhaisnéis suímh a phróiseáil nó a nuashonrú nuair a úsáideann tú gnéithe áirithe de TikTok chun cabhrú le d'eispéireas a fheabhsú.
• Ag brath ar an monaróir, d’fhéadfadh roinnt gléasanna Android leid a thabhairt duit suíomh beacht a chur ar siúl, cé go bhfuil tú i réigiún nach bhfuil ar fáil ann ach Seirbhísí Suímh le neas-suíomh. I gcásanna den sórt sin, leanfaimid orainn ag cinntiú nach mbailítear ach d'fhaisnéis neas-suíomh.
• Bailímid freisin an suíomh a sholáthraíonn tú nuair a chuireann tú suíomh le do phostáil.
I réigiúin nach bhfuil Seirbhísí Suímh do ghléis ar fáil don aip TikTok, nó nuair a mhúchann tú Seirbhísí Suímh, leanfaimid orainn ag meastachán a dhéanamh ar fhaisnéis eile faoi gharbhshuíomh bunaithe ar d’fhaisnéis líonra, amhail réigiún an chárta SIM, seoladh IP, agus socruithe an chórais.
Tabhair faoi deara: D’fhéadfadh sé nach mbeadh Seirbhísí Suímh do ghléis ar fáil don aip TikTok i roinnt réigiún, agus ní bheidh siad ar fáil má thugann tú le fios go bhfuil tú faoi 18 mbliana d’aois.
Cén fáth a bhailíonn TikTok faisnéis suímh
Chun cabhrú linn feabhas a chur ar d'eispéireas aipe agus moltaí níos ábhartha a thabhairt duit, bainimid úsáid as faisnéis suímh chun na gcríoch atá leagtha amach inár bPolasaí Príobháideachais, lena n-áirítear:
• Ábhar ábhartha a mholadh duit, lena n-áirítear ábhar a d'fhéadfadh baint a bheith aige le suíomh in aice leat.
• Clibeanna suímh ábhartha a mholadh nuair a chruthaíonn tú postáil. Bainfimid úsáid as faisnéis suímh chun suíomhanna féideartha in aice láimhe a aithint agus a mholadh, ionas gur féidir leat suíomh a chur le do phostáil.
• Faisnéis a sholáthar duit maidir le do fhad ó shuíomhanna a d'fhéadfadh a bheith clibáilte in ábhar.
• Fógraí a mholadh a d'fhéadfadh a bheith ábhartha duit.
Bainimid úsáid freisin as d'fhaisnéis suímh chun athbhreithniú a dhéanamh ar na heispéiris úsáideora thuas agus chun feabhas a chur orthu. Tá seans go n-iarrfaimid ort Seirbhísí Suímh a chur ar siúl (ma bhionn fail orthu do TikTok i do cheantar) ionas go mbeidh fáil againn ar eolas níos cuí dtaobh an cheantair. Mar shampla, d'fhéadfaí leid a thabhairt duit Seirbhísí Suímh a chasadh air nuair a bhrabhsálann tú an fíd Duit nó más mian leat suíomh a chur le do phostáil. Trí fhaisnéis suímh níos cruinne a chur ar fáil, cabhraíonn sé linn ábhar agus fógraí níos ábhartha a thaispeáint duit. Agus Seirbhísí Suímh á gcumasú agat ar do ghléas, is féidir leat roghnú cead a thabhairt dúinn faisnéis suímh beacht nó neasach a bhailiú chun na gcríoch seo.
Conas Seirbhísí Suímh a chur ar siúl nó a mhúchadh in TikTok
Chun Seirbhísí Suímh a chur ar siúl nó a mhúchadh in TikTok:
1. San aip TikTok, tapáil Próifíl ag an mbun.
2. Tapáil an cnaipe Roghchlár ☰ ag an mbarr, ansin roghnaigh Socruithe agus príobháideachas.
3. Tapáil Príobháideachas, ansin tapáil Seirbhísí Suímh.
4. Roghnaigh cead rochtana suímh le haghaidh TikTok.
Ag brath ar do réigiún, seans go mbeidh an rogha agat suíomh beacht a chur ar siúl trí Sheirbhísí Suímh do ghléis.
Tabhair faoi deara: Seans nach mbeidh Seirbhísí Suímh ar fáil i do réigiún.
Conas sonraí suímh áirithe a scriosadh
I réigiúin ina bhfuil Seirbhísi Suímh ar fáil d'aip TikTok, gheobhaimid sonraí suímh ó Sheirbhísí Suímh do ghléis nuair a bheidh sé curtha ar siúl. D’fhéadfaimis faisnéis nach bhfuil chomh sonrach sin faoi do shuíomh a fháil ó na sonraí a fhaighimid go díreach ó do Sheirbhísí Suímh. Beidh tú in ann aon faisnéis a fhaighimid ó do Sheirbhísí Suímh a chur ar ceal aon uair is mian leat.
Chun sonraí a fuair TikTok go díreach ó do Sheirbhísí Suímh a scriosadh:
1. San aip TikTok, tapáil Próifíl ag an mbun.
2. Tapáil an cnaipe Roghchlár ☰ ag an mbarr, ansin roghnaigh Socruithe agus príobháideachas.
3. Tapáil Príobháideachas, ansin tapáil Seirbhísí Suímh.
4. Tapáil Scrios sonraí suímh áirithe.
Nuair a scriostar é, cuimhnigh go bhféadfaimid leanúint ar aghaidh ag coinneáil faisnéis faoi shuíomh nach bhfuil chomh sonrach céanna ó do shonraí Seirbhísí Suímh nó ó do sheoladh IP, amhail an chathair ina bhfuil tú lonnaithe.
Conas suíomh a chur le do phostáil
Ag brath ar do cheantar is féidir leat suíomh a chur le do phostáil TikTok.
Chun suíomh a chur le do phostáil:
1. San aip TikTok, cruthaigh do phostáil.
2. Ar an scáileán Postáil:
༚ Tapáil Suíomh chun suíomh a chuardach nó roghnaigh ceann de na háiteanna molta.
༚ Roghnaigh ceann de na háiteanna liostaithe molta faoi Shuíomh. Moltar na háiteanna seo bunaithe ar fhachtóirí éagsúla ar nós an tóir atá orthu, an gaireacht (faoi láthair nó san am atá thart), agus ábhar ó do phostáil (cosúil le téacs, íomhánna, nó haischlibeanna atá i d'fhíseán). B’fhéidir go mbeidh ort scrolláil trasna chun tuilleadh roghanna a fheiceáil.
3. Tapáil Postáil. Taispeánfar an suíomh clibeáilte i do phostáil.
Má phostálann tú griangraf nó físeán gan suíomh a chur leis, tá seans ann go niarrfaimid ort ceann a chur le do phostáil nó tuilleadh faisnéise a roinnt i dtaobh comhthéacs do phostáil.
Conas aiseolas a roinnt ar shuíomh clibeáilte
Má aimsíonn tú suíomh gnó nó poiblí clibeáilte ar TikTok, ar nós bialanna agus páirceanna, le faisnéis suímh mhíchruinn, is féidir leat aiseolas a roinnt chun eagarthóireacht a mholadh.
Chun aiseolas a roinnt ar shuíomh chlibeáilte:
1. San aip TikTok, tapáil an suíomh clibeáilte ar an bpostáil.
2. Tapáil an cnaipe Roinn.
3. Tapáil Mol eagarthóireacht agus lean na céimeanna a chuirtear ar fáil.
An cúis nach féidir clib a chur ar roinnt suíomhanna i bpostáil
Mura féidir leat suíomh ar leith a chur le do phostáil nó físeáin a bhaineann le suíomh a fháil amach, b'fhéidir gur tharla sé seo toisc nár chuireamar an suíomh sin ar fáil go fóill, nó gur chuireamar srian ar an suíomh sin ó bheith clibeáilte i bpostáil chun sábháilteacht dhaoine ar TikTok a chosaint.