Má tá fadhbanna agat leis an aip TikTok, bain triail as na céimeanna fabhtcheartaithe seo.
Leagan is déanaí
Cinntigh go bhfuil na leaganacha is déanaí den aip TikTok á rith ag do ghléas. Chomh maith leis sin, molaimid go bhfuil córas oibriúcháin do ghléis cothrom le dáta.
Athtosaigh an aip agus do ghléas
Mar chéad chéim, molaimid an aip TikTok agus do ghléas a atosú. Is minic gur féidir leis seo fadhbanna a réiteach nó spáis d'acmhainní stórála a dhéanamh.
Seiceáil do nasc idirlín
Is féidir le sonraí laga nó comhartha lag Wi-Fi cur isteach ar d'eispéaras ar TikTok freisin. Bain triail as athrú idir Wi-Fi agus sonraí móibíleacha chun fabhtcheartú a dhéanamh más nascacht is cúis leis an bhfadhb.
Glan stóráil aipe
Mura bhfuil fadhb le nascacht idirlín, bain triail as do thaisce aipeanna a ghlanadh. Baineann sé seo comhaid shealadacha a d'fhéadfadh a bheith ag cruthú fadhbanna.
Infhaighteacht gné
Táimid i gcónaí ag cruthú agus ag forbairt gnéithe nua chun cruthaitheacht agus eispéireas úsáideora ar TikTok a fheabhsú. Déanaimid tástáil rialta ar ghnéithe le líon teoranta úsáideoirí chun aiseolas a bhailiú. Ciallaíonn sé seo go bhfuil seans ann nach mbeidh roinnt gnéithe nua nó athruithe ar fáil duit go fóill.
Chun do thaisce a ghlanadh:
1. San aip TikTok, tapáil Próifíl ag an mbun.
2. Tapáil an cnaipe ☰ Roghchlár ag an mbarr, ansin roghnaigh Socruithe agus príobháideachas.
3. Tapáil Déan spás.
Ón áit seo:
• Chun taisce a ghlanadh, tapáil Glan in aice le Taisce, ansin tapáil Glan arís chun deimhniú.
• Chun íoslódálacha a scriosadh, tapáil Glan in aice le Íoslódálacha. (luaigh cén cineál íoslódálacha iad seo - féach an gabháil scáileáin sa nóta tráchta roimhe seo)
• Chun dréachtaí a scriosadh, tapáil Bainistigh in aice le Dréachtaí. Tapáil Roghnaigh, ansin roghnaigh na dréachtaí agus tapáil Scrios.
Má lean tú na céameann thuas agus tá an fhadbh ann fós, tuairiscigh an fhadhb ionas gur féidir linn cabhrú leat tuilleadh.