Baile

Ábhar atá srianta ar bhonn aoise ar TikTok BEO

Léim go mír


Cad is ábhar atá srianta ar bhonn aoise ar TikTok BEO ann?  • Cad a tharlaíonn nuair a chuirtear srian ar bhonn aoise ar BHEO? 






Cad is ábhar atá srianta ar bhonn aoise ar TikTok BEO ann?


Tá ról lárnach ag ár dTreoirlínte Pobailmaidir le heispéireas féachana sábháilte agus sultmhar a chruthú trí chaighdeáin a leagan síos i dtaca le cad a cheadaítear agus cad nach gceadaítear ar ár n-ardán. Faoi réir na bpolasaithe seo, d'fhéadfaí go mbeadh ábhar áirithe ina bhfuil téamanna coimpléascacha nó aibí a bhaineann le heispéirisí pearsanta nó eachtraí a bhfuil baint acu leis an saol réadúil le feiceáil atá dírithe ar lucht féachana níos sine. Nuair a aimsíonn muid ábhar dá mhacasamhail seo i mBEO, tugann muid le fios do bhreathnóirí idir 13 go 17 bliana d'aois go bhfuil muid tar éis srian a chur ar an ábhar le cinntiú nach dtaispeántar dóibh ach an ábhar is oiriúnaí nó is ábharthaí dóibh. Leis seo, ligtear dúinn leibhéal sábháilteachta sa bhreis a chruthú ar mhaithe le lucht féachana níos óige a chosaint.






Cad a tharlaíonn nuair a chuirtear srian ar bhonn aoise ar BHEO?


Má aimsíonn muid ábhar atá srianta ar bhonn aoise le linn BHEO:
•  Ní mholfaidh muid an BEO do dhaoine idir 13 agus 17 bliana d'aois.
•  Cuirfidh muid an t-óstach, breathnóirí atá níos óige, agus comh-óstaí nó cuairteoirí ar bith ar an eolas go bhfuil an t-ábhar srianta ar bhonn aoise agus bainfidh muid breathnóirí níos óige ón BHEO.
•  Tá sé de rogha ag óstaí comhóstaí a dhícheangail nó cuairteoirí a bhaint sa chás gur cuireadh brat lena gcuid ábhair BEO le tabhairt le fios go bhfuil sé srianta ar bhonn aoise.
•  Ní bheidh lucht féachana níos óige in ann rochtain a fháil ar BHEO trí chuardach nó trí nasc roinnte.

Tabhair faoi deara: Mar óstach, is féidir leat tapáil ar an lipéad
Srianag barr do BHEO nó tapáil ar Shrianta ar an scaileán achoimre tar éis do BHEO le tuilleadh sonraí a fheiceáil faoi cén fáth a cuireadh srian ar bhonn aoise ar do chuid ábhair.


An raibh sé seo cabhrach?