Baile

Fotha ETIM

Léim go mír


Cad é an fotha ETIM ar TikTok?  •  Conas an fotha ETIM a bhainistiú  •  Cén t-ábhar atá incháilithe don fhotha ETIM?  •  Conas a roghnaíonn TikTok an t-ábhar atá le feiceáil san fhotha ETIM? 






Cad é an fotha ETIM ar TikTok?


Is fotha roghnach é an fotha ETIM ar TikTok a thaispeánann ábhar a bhaineann le heolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic (ETIM). Má bhíonn an socrú ETIM curtha ar siúl, is féidir leat an fotha a fháil ag an mbarr nuair a osclaíonn tú an aip TikTok.






Conas an fotha ETIM a bhainsitiú


Is féidir leat an socrú fotha ETIM a chur ar siúl nó a mhúchadh ag am ar bith.


Chun an fotha ETIM a bhainistiú:
1. San aip TikTok, tapáil Próifíl ag an mbun.
2. Tapáil an cnaipe Roghchlár ☰ ag an mbarr, ansin roghnaigh Socruithe agus príobháideachas.
3. Tapáil Roghanna ábhair.
4. Tapáil fotha ETIM, ansin cuir an fotha ar siúl nó múch é.






Cén ábhar atá incháilithe don fhotha ETIM?


Tá sé mar aidhm againn ábhar ar an bhfotha ETIM a choinneáil oiriúnach do dhaoine 13 bliana d'aois agus níos sine, rud a chiallaíonn go gcaithfidh sé ár dTreoirlínte Pobail a chomhlíonadh. Is féidir go gcuimsítear leis seo ábhar ón bhfotha Duitse. Má scriostar postáil nó má dhéantar postáil neamh-incháilithe don fhotha Duitse, scriostar go huathoibríoch é ón bhfotha ETIM. Is féidir go dtaispeántar ábhar a bhfuil teacht poiblí air ó réigiún ar bith ar an bhfotha ETIM, fiú mura bhfuil fáil ar an bhfotha ETIM sa réigiún úd.






Conas a roghnaíonn TikTok cén ábhar a thaispeántar san fhotha ETIM?


Tá réimse leathan ábhair mar chuid den fhotha ETIM lena n-airítear an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht agus an mhatamaitic. Bainimid úsáid as córais inmheánacha chun ábhar a bhaineann le ETIM a shainaithint, ansin oibrímid le comhpháirtí tríú páirtí chun an t-ábhar a mheas agus a chinntiú go bhfuil sé oiriúnach don fhotha ETIM. Ansin, déanann eagraíocht seiceála fíricí tríú páirtí measúnú ar iontaofacht na faisnéise a chuirtear i láthair. Mura n-éireoidh leis an ábhar ag an dá sheicphointe, ní bheidh sé incháilithe don fhotha ETIM.

Tabhair faoi deara: Ní dhéanfaidh ár gcomhpháirtithe tríú páirtí measúnú ar roinnt cuntas iontaofa atá lonnaithe lasmuigh de na Stáit Aontaithe. Déanfaimid é a athbhreithniú go fóill chun a chinntiú go leanann sé ár dTreoirlínte Comhphobail de réir gach ábhair ar TikTok, áfach. Ina theannta sin, ní thaispeánfar ábhar ó na cuntais iontaofa sin i bhfotha ETIM do dhaoine sna Stáit Aontaithe. D'fhéadfadh institiúidí creidiúnaithe, eagraíochtaí nó daoine aonair a bheith i gcuntais Iontaofa, mar mhúsaem eolaíochta nó ollamh matamaitice.


An raibh sé seo cabhrach?