Baile

Sraith a chruthú agus a bhainistiú

Léim go mír 


Conas Sraith a chruthú  •  Conas Sraith a bhainistiú  •  Conas Sraith a nascadh le d'fhíseán TikTok  •  Maidir le rátálacha Sraithe 






Conas Sraith a chruthú


Is féidir leat Sraith a chruthú san aip TikTok nó ar do ríomhaire.

Chun Sraith a chruthú san aip:
Scáileán postáil
1. San aip TikTok, tapáil an cnaipe Postáil + ag barr an scáileáin agus úaslódáil nó taifead d'fhíseán.
2. Tapáil Ar aghaidh chun fotheideal físeáin agus aon fhaisnéis eile ar mhaith leat a chur leis, ansin tapáil Tuilleadh roghanna.
3. Tapáil Cuir le Sraith agus cuir teideal Sraithe agus teideal físeáin leis.
4. Tapáil Ar aghaidh agus cuir cur síos, praghas agus grianghraf clúdaigh le do Shraith iomlán.
5. Tapáil Ar aghaidhchun sonraí na Sraithe a athbhreithniú agus tapáil Cuir isteacht chun do Shraith a chur isteach le haghaidh athbhreithniú, nó tapáil Sábháil chun í a shábháil ar do dhréachtaí.

Próifíl
1. San aip TikTok, tapáil Próifíl, ansin tapáil an nasc Sraithe san fhéinaisnéis do phróifíle.
2. Tapáil Téigh chuig Tairseach Sraithe agus tapáil Sraith Nua chun teideal, cur síos, praghas agus grianghraf clúdaigh do do Shraith a chur leis. Is féidir leat lascaine ama teoranta a chur leis freisin.
3. Tapáil Ar aghaidh chun do shonraí a athbhreithniú agus tapáilFíseán nua chun físeáin a úaslódáil chuig do Shraith. Is féidir leat d'fhíseán a chur in eagar agus iarrfar ort do shocruithe príobháideachais a roghnú.
4. Tapáil Ar aghaidh chun teideal do d'fhíseán a chur leis, ansin tapáil Ar aghaidh chun sonraí do Shraithe a athbhreithniú. Is féidir leat físeáin a chur leis nó a bhaint freisin.
5. Tapáil Cuir isteach chun do Shraith a chur isteach le haghaidh athbhreithniú nó Sábháil chun í a shábháil chuig do dhréachtaí.

Tairseach Sraithe
1. San aip TikTok, tapáil Próifíl ag an mbun ansin tapáil an cnaipe Roghchlár ☰ ag an mbarr.
2. Tapáil Ionad Cruthaitheora agus ansin tapáil Sraith sa rannán Brabúis.
3. Tapáil Sraith Nua chun teideal, cur síos, praghas nó grianghraif clúdaigh do do Shraith a chur leis. Is féidir leat lascaine ama teoranta a chur leis freisin.
4. Tapáil Ar aghaidh chun do shonraí a athbhreithniú agus tapáilFíseán nua chun físeáin a úaslódáil chuig do Shraith. Is féidir leat d'fhíseán a chur in eagar agus iarrfar ort do shocruithe príobháideachais a roghnú.
5. Tapáil Ar aghaidh chun teideal do d'fhíseán a chur leis, ansin tapáil Ar aghaidh chun sonraí do Shraithe a athbhreithniú. Is féidir leat físeáin a chur leis nó a bhaint freisin.
6. Tapáil Cuir isteach chun do Shraith a chur isteach le haghaidh athbhreithniú nó Sábháil chun í a shábháil chuig do dhréachtaí.

Chun Sraith a chruthú ar do ríomhaire:
1. Téigh chuig www.tiktok.com/series agus logáil isteach ar do chuntas.
2. Cliceáil ar do phictiúr próifíle, ansin roghnaigh Sraitheanna.
3. Cliceáil Sraith Nua agus cuir Ainm, Cur síos, Clúdach, agus Praghsáil leis.
4. Ar an gcéad leathanach eile, roghnaigh agus uaslódáil na físeáin ar mhaith leat a chur san áireamh i Sraith amháin.
5. Nuair a bheidh do chuid físeáin go léir uaslódáilte agat, cliceáil Cuir isteach chun deireadh a chur leis.

Coinneáil i gcuimhne is féidir leat: Suas le 80 físeán a uaslódáil in aghaidh na Sraithe.
   ༚  Físeáin idir 30 soicind agus 20 nóiméad ar fad a uaslódáil.
   ༚  Gach físfhormáid a uaslódáil, cé go moltar MP4.
   ༚  Físeáin a mbíonn gach ceann acu suas le 4GB a uaslódáil.
   ༚  Físeáin i bhformáid ingearach (atá molta) nó chothrománach a uaslódáil.

Nuair a chuirfear do Shraith isteach, déanfar athbhreithniú uirthi chun cinntiú go gcomhlíonann sí ár dTreoirlínte Pobail. D’fhéadfadh go dtógfadh athbhreithniú suas le 72 uair an chloig ag brath ar fhad an ábhair. Cuirfear in iúl duit nuair a bheidh do Shraith ceadaithe agus foilsithe. Nuair a fhoilsítear í, is féidir le breathnóirí íoc as rochtain ar an tSraith ó do phróifíl nó má nascann tú le ceann de d'fhíseáin TikTok í.






Conas Sraith a bhainistiú


Is féidir leat Sraith a bhainisitiú san aip TikTok nó ar do ríomhaire. Tá tú in ann físeáin a chur leis, físeán a shocrú mar leantóir agus tuilleadh. Coinnigh i gcuimhne, is féidir leat Sraith dréachtaithe san aip agus Sraith foilsithe a bhainistiú ar do ríomhaire.

Chun Sraith a bhainistiú san aip:
1. San aip TikTok, tapáil Próifílag an mbun.
2. Tapáil an nasc Sraithe san fhéinaisnéis do phróifíle, ansin tapáil Téigh chuig Tairseach Sraithe.
3. Tapáil dréacht Sraithe atá tú ag iarraidh a bhainistiú. Sa rannán físeáin, is féidir leat:
   ༚  Tapáil an cnaipe + chun físeáin bhreise a chur leis
   ༚  Tapáil an cnaipe Cuir in eagar ag an mbarr chun físeáin a athordú nó a scriosadh
4. Tapáil an cnaipe Tuilleadh... ag an mbarr agus cliceáil Cuir sonraí Sraithe in eagar chun na sonraí ar mhaith leat a athrú nó a chur leis a mhodhnú. Is féidir leat cuir in eagar nó cuir leis:
   ༚  Teideal
   ༚  Cur síos
   ༚  Grianghraf clúdaigh
   ༚  Praghsáil ༚ Lascaine
5. Tapáil Ar aghaidh agus ansin tapáil Sábháíl chun na hathruithe a nuashonrú.

Is féidir leat do Shraith a bhainistiú freisin ó do chuntas TikTok ar ríomhaire. Anseo is féidir leat stádas do Shraith agus rátálacha úsáideora a sheiceáil, ord na bhfíseán a athrú, físeán a scriosadh agus go leor eile.

Chun Sraith a bhainistiú ar do ríomhaire:
1. Logáil isteach i do chuntas ar bhrabhsálaí deisce.
2. Cliceáil ar do phictiúr próifíle, ansin roghnaigh Sraitheanna.
3. Cliceáil Bainistigh Sraith. 4. Ón áit seo, is féidir leat:
   ༚  Físeáin a úaslódáil
   ༚  Scrios físeáin
   ༚  Cuir ainm, cur síos agus clúdach na Sraithe in eagar
   ༚  Cuir teideal an fhíseáin in eagar
   ༚  Bainistigh dréachtaí
   ༚  Féach ar líon iomlán na gceannachán físeáin
   ༚  Bainistigh laiscainí Sraithe
   ༚  Seiceáil stádas an athbhreithnithe
   ༚  Seiceáil rátálacha an úsáideora
   ༚  Athraigh ord físeán
   ༚  Díliostáil Sraith

Coinnigh i gcuimhne:
•  Ní féidir leat praghsáil a chur in eagar tar éis do Shraith a phostáil.
•  Is féidir leat sonraí na Sraithe agus tuairiscí físeáin agus clúdaigh suas le 5 huaire tar éis é a phostáil.
•  Ní féidir leat ach físeán amháin a scriosadh as do Shraith ar an aip, ach is féidir leat Sraith iomlán a scriosadh ar do ríomhaire.






Conas Sraith a nascadh le d'fhíseán TikTok


Chun Sraith a nascadh le d'fhíseán TikTok:
1. Sula bpostálann tú físeán, tapáil Cuir nasc leis ar an scáileán Postáil san aip TikTok.
2. Tapáil Sraitheanna agus roghnaigh an tSraith ba mhaith leat a nascadh le d'fhíseán.
3. Tapáil Cuir leis an bhfíseán chun leanúint ar aghaidh.
4. Déan aon athruithe breise ar an scáileán Postáilagus tapáil Postáilchun cur i gcrích. Beidh an nasc le feiceáil i d'fhíseán os cionn a fhoscríbhinne ionas go dtreorófar daoine chuig d'ábhar atá taobh thiar de bhalla íocaíochta.






Maidir le rátálacha Sraithe


Is féidir le breathnóirí a cheannaigh Sraith atá agatsa rátáil a chur isteach di, a fhoilsítear ar scáileán na Sraithe. Is féidir leat féachaint ar do rátálacha foriomlána i Bainistigh Sraitheanna freisin.



An raibh sé seo cabhrach?