Léim go mír
Cád é TikTok Lite? • Tús a chur leis ar TikTok Lite • Cad é an Mol Luaíochtaí? • Conas úsáid a bhaint as pointí • Bainistíocht ama scáileáin ar TikTok Lite
Cad é TikTok Lite?
Is aip é TikTok Lite a ligeann duit pointí a bhailiú chun tascanna a chur i gcrích agus idirghníomhú le cruthaitheoirí agus ábhar.
Is féidir leat pointí a bhailiú do na gníomhaíochtaí seo a leanas:
• Ag teacht ar ábhar nua
• 'Is maith liom' a thabhairt d'ábhar
• Cruthaitheoirí a leanúint
• Tascanna a bhfuil srian ama orthu a chur i gcrích
• Cairde a atreorú
• Ag seiceáil isteach chuig an aip (laistigh de na chéad 10 lá tar éis clárú)
Tabhair faoi deara: Ní mór duit a bheith 18 mbliana d'aois nó níos sine chun pointí a bhailiú agus a fhuascailt.
Tús a chur leis ar TikTok Lite
Tá do chuntas TikTok nasctha le TikTok Lite ionas gur féidir leat fanacht logáilte isteach agus nascleanúint a dhéanamh idir an dá aip, trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis phearsanta chéanna a chuir tú ar fáil nuair a chruthaigh tú cuntas. Mura bhfuil cuntas TikTok agat, is féidir leat clárú trí TikTok Lite go díreach.
Coinnigh i gcuimhne má bhaineann tú úsáid as do chuid faisnéise logála isteach atá ann cheana, go léireofar na sonraí agus na socruithe cuntais céanna i Tiktok Lite, mar d'ainm úsáideora agus lucht leanúna.
Cad é an Mol Luaíochtaí?
Is spás é an Mol Luaíochtaí duit le foghlaim conas pointí a bhailiú agus a fhuascailt agus tacú le cruthaitheoirí.
Is féidir leat an Mol Luaíochtaí a úsáid chun:
• Pointí do thascanna atá críochnaithe a éileamh
• Tascanna chun pointí a bhailiú a aimsiú
• Pointí a fhuascailt
• Féach ar d'iarmhéid pointí
• Ag seiceáil isteach chuig an aip (laistigh de na chéad 10 lá tar éis í a úsáid)
• Meabhrúcháin féilire a shocrú
• Cruthaitheoirí a aimsiú chun leanúint
Chun rochtain a fháil ar an Mol Luaíochtaí, tapáil Luaíochtaí ag mbun na haipe.
Conas pointí a fhuascailt agus a úsáid
Cuirtear pointí a bhailítear ó thascanna ar nós físeáin a fháil amach le d’iarmhéid go huathoibríoch. Chun físeáin a leanúint agus 'is maith liom' a thabhairt dóibh, caithfidh tú na pointí a éileamh le cur le d'iarmhéid. Rachaidh pointí neamhéilithe in éag ag meán oíche agus ní féidir iad a fhuascailt.
Is féidir leat pointí a fhuascaiilt de mhalairt ar:
• Cártaí bronntanas Amazon agus Paypal
• Bronntanais
Chun do phointí a fhuascailt:
1. San aip TikTok Lite, tapáil Luaíochtaí ag an mbun chun dul chuig an mol Luaíochtaí.
2. Tapáil Éiligh Luaíocht.
3. Roghnaigh an cineál luaíochta ar mhaith leat. Is féidir leat roghnú ó chártaí bronntanais, Boinn nó Bronntanais.
4. Tapáil Deimhnigh chun do dhuais a éileamh agus lean na treoracha chun do rogha duais a fhuascailt.
Má bhíonn cabhair uait nó má bhíonn ceisteanna agat maidir le pointí a fhuascailt, tapáil an cnaipe Cabhair liom ag an mbarr.
Rudaí ba chóir duit a choinneáil i gcuimhne agus TikTok Lite á úsáid agat:
• Ní mór duit d'aois a dheimhniú chun pointí a fhuascailt.
• Ní mór duit an t-íosriachtanas pointí a chomhlíonadh chun pointí a fhuascailt.
• Ní féidir leat do chuid pointí a fhuascailt ach uair amháin in aghaidh an lae de mhalairt ar chárta bronntanais.
• Is féidir leat do chuid pointí a fhuascailt ar bhealaí éagsúla, mar shampla roinnt cártaí bronntanais agus Bronntanais Fíorúla.
• Chun Bronntanais a fhuascailt, caithfidh tú do chuid pointí a mhalartú le haghaidh Boinn.
• Seans go dtógfaidh sé roinnt ama chun d'iarmhéid Amazon agus PayPal d'éarlais luaíochta a léiriú.
Bainistíocht ama scáileáin ar TikTok Lite
Chun cabhrú leat do fholláine dhigiteach a bhainistiú, cuirimid socruithe bhainistíochta ama scáileáin ar fáil a chabhraíonn leat cinneadh a dhéanamh faoin méid ama ar mhaith leat a chaitheamh ar an aip.
Má tá meabhrúcháin ama scáileáin socraithe agat san aip TikTok, léireofar iad in TikTok Lite.