Baile

Conas a dhéanann muid próiseáil ar eolas aghaidhe agus gutha

Má roghnaíonn tú éifeachtaí gutha agus aghaidhe agus scagairí a úsáid, bailíonn muid agus déanann muid anailís ar eolas gutha agus aghaidhe i bhfíseáin TikTok, grianghraif, agus físeáin BEO. Mar shampla, d'fhéadfadh go gcaithfear d'éifeacht a chuireann spéaclaí gréine ar d'aghaidh cén áit atá do shúile ar an scáileán chun na spéaclaí gréine a chur ar d'aghaidh mar is ceart. Cosúil le seo, d'fhéadfadh go gcaithfear scagaire gutha do ghlór a aithint chun go gcloisfidh tú níos cosúil le róbat.

Bailíonn muid agus déanann muid anailís freisin ar eolas gutha agus aghaidhe i bhfíseáin, grianghiraf, agus físeáin BEO chun feabhas a chur ar sábháilteacht agus taithí úsáideora, chun ábhar a mholadh a mhaolú, agus d'anailísí agus rangú déimeagrafaigh, cosúil le raon aoise infeirithe.

Trí físeáin nó grianghraif a uaslódáil, ag úsáid scagairí agus éifeachtaí, nó trí dul BEO ar TikTok, aontaíonn tú go n-úsáidfear d'eolas aghaidhe agus gutha ar na chúiseanna seo. Mura n-aontaíonn tú go n-úsáidfear d'eolas aghaidhe agus gutha ar na chúiseanna seo:
•  Ná uaslódáil físeáin no grianghraif, úsáid scagairí agus éifeachtaí, nó téigh BEO ar TikTok;agus
•  Bain aon físeáin nó grianghraif a uaslódáil tú ar TikTok.

Má scriosann tú do chuntas TikTok, bainfear aon eolas bainteach le d'aghaidh agus do ghuth ó do chuntas.

Rudaí tábhachtacha le bheith ar eolas agat agus tú ag cruthú nó ag postáil ar an aip:
•  Má tá daoine eile páirteach i d'fhíseáin, grianghraif, nó físeáin BEO, tá tusa freagrach chun cinntiú go bhfuil cead ag TikTok eolas gutha agus aghaidhe a bhailiú agus anailís a dhéanamh air.
•  Ní úsáideann muid aon eolas gutha agus aghaidhe chun tú féin nó daoine eile a aithint i do chuid físeáin, grianghraif, nó físeáin BEO, agus ní roinneann muid a leithéid eolais le tríú páirtí.
•  Uair amháin is a gcuireann éifeacht nó scagaire a úsáideann eolas gutha agus aghaidhe le d'ábhar, bainfear an t-eolas sin.
•  Uair amháin is atá anailís déanta ar d'fhíseán, grianghraf, nó BEO ar aon chúis eile seachas an ceann thuas, déanfar an t-eolas a bailíodh maidir le haghaidh agus guth a scriosadh.

Foghlaim tuilleadh faoin eolas a bhailíonn muid agus cén fáth a bhailíonn muid é inár  bPolasaí Príobháideachais.



An raibh sé seo cabhrach?