Cén fáth nach féidir liom dul BEO ar TikTok?
Ní féidir ach le cruthaitheoirí a chomhlíonann na ceanglais incháilitheachta dul BEO ar TikTok. Má chomhlíonann tú na ceanglais incháilitheachta le dul BEO agus má tá fadhb agat fós, is féidir leat é a thuairisciú dúinn.
Cén fáth nach féidir liom tráchtanna a fheiceáil nó a sheoladh ar TikTok BEO?
Mar chruthaitheoir nó mhodhnóir ar TikTok BEO:
• Ní bheidh tú in ann tráchtanna a fheiceáil ná a sheoladh má tá tráchtanna BEO múchta agat.
• Ní thaispeánfar roinnt tráchtanna duit má dhéanann tú scagadh ar thráchtanna BEO, má chuireann tú bac ar eochairfhocail, nó má bhalbhaíonn tú nó má chuireann tú bac ar thráchtanna ó bhreathnóir ar leith. Foghlaim tuilleadh faoi thráchtanna ar TikTok BEO.
Mar bhreathnóir ar TikTok BEO:
• Ní bheidh tú in ann tráchtanna a fheiceáil ná a sheoladh má tá tráchtanna BEO múchta ag an gcruthaitheoir nó an modhnóir.
• Ní thaispeánfar roinnt tráchtanna duit má tá tráchtanna scagtha ag an gcruthaitheoir nó an modhnóir, má chuir siad bac ar eochairfhocail, nó má tá bac nó balbhú curtha acu air thráchtanna ó bhreathnóir eile.
• Má tá tú balbhaithe nó má bac curtha ort ag an gcruthaitheoir nó an modhnóir, cuirfimid é sin in iúl duit agus ní bheidh tú in ann féachaint ar an BEO ná tráchtanna a chur isteach go dtí go mbeidh an t-achar balbhaithe thart nó go bhfuil tú díbhalbhaithe nó díbhlocáilte.
• Taispeánaimid leideanna chun athmhachnamh a spreagadh i measc na mbreathnóirí maidir le tionchar a gcuid focal sula bpostálfar tráchtanna ab fhéadfadh a bheith míchineálta nó díobhálach. Má phostálann tú tráchtanna a thuairiscíonn daoine eile agus má sháraíonn tú ár dTreoirlínte Comhphobail, d'dhéadfadh muid cosc a chur ar chumas do chuntais maidir le roinnt gníomhaíochtaí TikTok a chur i gcrích, lena n-áirítear an cumas tráchtanna BEO a phostáil (idir 24 agus 48 uair a chloig de ghnáth. Foghlaim tuilleadh faoi cad a tharlaíonn do do chuntas TikTok má chuirtear bratach le d'ábhar nó má thuairiscítear é.