Baile

Dísréid

Léim go mír


Cad é Dísréad ar TikTok?  •  Conas Dísréad a dhéanamh le físeán duine eile 






Cad é Dísréad ar TikTok?


Ligeann Dísréad duit d'fhíseán a phostáil taobh le taobh le físeán ó chruthaitheoir eile ar TikTok. Tá dhá fhíseán i scáileán scoilte a imríonn ag an am céanna i bhfíseán Dísréad. Coinnigh i gcuimhne nach mór duit cuntas poiblí a bheith agat chun ligean do dhaoine eile Dísréad a dhéanamh le do chuid físeán.

Roghnaigh cé na daoine ar féidir leo Dísréad le d'fhíseáin i socruithe príobháideachais do chuntais:
•  Gach duine: Má roghnaíonn tú an cead seo agus má tá Dísréadcurtha ar siúl agat, is féidir le duine ar bith Dísréad a úsáid le do chuid físeáin.
•  Cairde (leantóirí ar leanann tú orthu freisin): Má roghnaíonn tú an cead seo agus má tá Dísréad curtha ar siúl agat, ní féidir ach le daoine a leanann tú agus daoine a leanann ort freisin Dísréad a dhéanamh le do chuid físeáin.
•  Níl ach tú: Má roghnaíonn tú an cead seo, ansin ní féidir le daoine eile Dísréad a dhéanamh le d'fhíseáin.

Is féidir leat Dísréad a mhúchadh ar d'fhíseáin atá ann cheana go léir ag an am céanna nó is féidir leat é a mhúchadh le haghaidh físeáin ar leith. Má mhúchann tú Dísréad, ní féidir le daoine eile Dísréad a dhéanamh le d'fhíseáin. Faigh tuilleadh faisnéise maidir le conas socruithe príobháideachais do Dhísréad a bhainistiú.

Rudaí le bheith ar eolas agat nuair a ligeann tú do dhuine eile Dísréad a dhéanamh le d'fhíseán:
•  Cinnfidh socruithe príobháideachais an duine sin cé aige a bhfuil cead amharc ar an Dísréad, trácht a dhéanamh air, é a íoslódáil nó idirghníomhú leis.
•  Ní bheidh an Dísréad le feiceáil ach ar phróifíl an duine a thaifead an Dísréad. Ní bheidh do bhunfhíseán le feiceáil ach ar do phróifíl. 
•  Má ligeann tú do dhaoine eile Dísréad a dhéanamh le d'fhíseán, ach ansin athraíonn tú do shocruithe chun teorainn a chur leis na daoine a bhfuil cead acu d'fhíseán a úsáid nó scriosann tú é, fanfaidh aon Dísréad atá déanta cheana féin ar TikTok. Má tá aon cheist nó imní ort, is féidir leat an físeán a thuairisciú. Is féidir leat freisin roghnú físeáin Dísréid bainteach le d'fhíseána scriosadh.

Má tá tú faoi 18 mbliana d'aois:
Déan athbhreithniú ar na socruithe príobháideachais agus sábháilteachta le haghaidh déagóirí chun tuilleadh sonraí a fháil faoi do shocruithe Dísréid.






Conas Dísréad a dhéanamh le físeán duine eile


Chun Dísréad a dhéanamh le físeán ar TikTok:
1. San aip TikTok, tapáil an cnaipe Comhroinnar thaobh an fhíseán gur mhaith leat Dísréad a dhéanamh leis.
2. Tapáil Dísréad ag an mbun. D'fhéadfadh sé gur gá duit svaidhpeáil chun é a fheiceáil.
3. Cuir éifeachtaí, scagairí leis nó bain úsáid as uirlisí ceamara eile.
4. Tapáil an cnaipe Taifead chun do thaifeadadh a thosú agus a stopadh, ansin tapáil an cnaipe Lean ar ahgaidh ✓.
5. Cuir d'fhíseán in eagar, ansin tapáil Ar Aghaidh.
6. Déan athruithe breise agus bainistigh socruithe príobháideachais, ansin tapáil Postáil chun foilsiú nó tapáil Dréachtanna chun é a shábháil.

Tabhair faoi deara: Níl Dísréad curtha ar siúl ar gach físeán.


Má fheiceann tú físeán Dísréad aonair a sháraigh do chearta príobháideachais nó ár dTreoirlínte Pobail, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trínár bhfoirm ar líne.



An raibh sé seo cabhrach?