Léim go dtí mír
Cad é Mód Srianta ar TikTok? • Conas Mód Srianta a bhainistiú • Cad is Mód Cúraim Tráchta ann? • Conas Mód Cúraim Tráchtanna a bhainistiú • Cad iad scagairí eochairfhocail? • Conas do scagairí eochairfhocail a bhainistiú • Cad is Péireáil Teaghlaigh ann? • Acmhainní sábháilteachta
Ag TikTok, tá do chuid sábháilteacht tábhachtach dúinn agus tú ag úsáid an aip.Sin an fáth a chuirimid roinnt uirlisí agus acmhainní sábháilteachta ar fáil a ligeann duit do shainroghanna príobháideachais a rialú agus rochtain a fháil ar ábhar is ábhartha nó is oiriúnaí duit féin nó do do theaghlach.
Cad é Mód Srianta ar TikTok?
Cuireann Mód Srianta ar TikTok teorainn le nochtadh d'ábhar a d'fhéadfadh nach mbeadh sé compordach do chách, amhail ábhar a bhfuil téamaí aibí nó casta ann.Níl roinnt gnéithe ar fáil má úsáideann tú Mód Srianta, lena n-áirítear rochtain ar an bhfíd "Ag Leanúint", ag dul BEO, agus bronntanais a thabhairt ar BHEO.Is féidir Mód Srianta a chuir ar siúl nó a mhúcadh ag am ar bith.Is féidir freisin le tuismitheoirí agus caomhnóirí Mód Srianta a bhainistiú dá gcuid déagóirí trí Péireáil Teaghlaigh.
Conas Mód Srianta a bhainistiú
Chun Mód Srianta a chur ar siúl nó a mhúchadh:
1. San aip TikTok, tapáil Próifíl ag an mbun.
2. Tapáil ar an gcnaipe☰ Roghchlár ag an mbarr, ansin roghnaigh Socruithe agus príobháideachas.
3. Tapáil Sainroghanna ábhair.
4. Tapáil Mód Srianta.
5. Lean na treoracha san aip chun paschód a shocrú nó a chur isteach, ansin cuir Mód Srianta ar siúl nó múch é.Más é seo an chéad uair duit Mód Srianta a chur ar siúl, beidh ort Cuir ar siúl a thapáil sular féidir leat paschód a shocrú.
Cúpla rud le bheith ar an eolas futhú maidir le Mód Srianta:
• Má tá cuntais iolracha agat, ní mór duit Mód Srianta a chasadh air do gach cuntas ar leithligh.
• Más tuismitheoir nó caomhnóir tú, is féidir leat Mód Srianta a chur ar siúl do chuntas do dhéagóir trí Phéireáil Teaghlaigh.
Foghlaim tuilleadh faoi Mód Srianta.
Cad é Mód Cúraim Tráchta?
Tugann Mód Cúraim Tráchta níos mó smachta duit ar d’eispéireas ar TikTok trí scagairí breise a chur i bhfeidhm ar na tráchtanna a phostáiltear ar d’ábhar.Agus é á chur ar siúl, scagann sé tráchtanna atá míchuí, maslach, agus a chuir tú féin nó daoine eile bratach leo.
Conas Mód Cúraim Tráchta a bhainistiú
Chun Mód Cúraim Tráchta a chur ar siúl nó a mhúchadh:
1. San aip TikTok, tapáil Próifíl ag an mbun.
2. Tapáil ar an gcnaipe ☰ Roghchlár, ansin roghnaigh Socruithe agus príobháideachas.
3. Tapáil Príobháideachas.
4. Tapáil Tráchtanna.
5. Tapáil Mód Cúraim Tráchta.
6. Cuir an socrú ar siúl nó múch é, ansin tapáil Sábháil.
Foghlaim tuilleadh faoi Mód Cúram Tráchta.
Cad iad scagairí eochairfhocail?
Is féidir leat scagairí eochairfhocail a shocrú chun an t-ábhar a shaincheapadh sna fothaí a dtacaítear leo ar TikTok, ar nós na bhFíd Duit agus Ag leanúint.
Tabhair faoir deara: Ag brath ar an áit ar chláraigh tú le haghaidh TikTok, b'fhéidir nach mbeadh rochtain agat ar eochairfhocail scagaire i roinnt fídeanna.
Conas do scagairí eochairfhocail a bhainistiú
Chun scagairí eochairfhocal a chur leis:
1. San aip TikTok, tapáil Próifíl ag an mbun.
2. Tapáil ar an gcnaipe ☰ Roghchlár ag an mbarr, ansin roghnaigh Socruithe agus príobháideachas.
3. Tapáil Sainroghanna ábhair, agus ansin tapáil Scag eochairfhocail.
4. Tapáil Cuir eochairfhocal leis, ansin cuir isteach focal nó haischlib ar mhaith leat a scagadh agus roghnaigh an fíd/na fídeanna ar mhaith leat eochairfhocail a scagadh uaidh/uathu.Is féidir leat suas le 100 eochairfhocal a chur leis.
5. Tapáil Sábháil.
Tar éis duit eochairfhocal a chur leis, is féidir leat an socrú Scagaire cliste a chur ar siúl chun eochairfhocail agus éagsúlachtaí comhchosúla a scagadh amach.Coinnigh i gcuimhne nach bhfuil gach athrú ar eochairfhocal scagtha liostaithe agus nach féidir roinnt eochairfhocal a scagadh.
Chun scagairí eochairfhocail a chur in eagar nó a scriosadh:
1. San aip TikTok, tapáil Próifíl ag an mbun.
2. Tapáil ar an gcnaipe ☰ Roghchlár ag an mbarr, ansin roghnaigh Socruithe agus príobháideachas.
3. Tapáil Sainroghanna ábhair, agus ansin tapáil Scag eochairfhocail.
4. Chun é a chur in eagar, tapáil an eochairfhocal agus coigeartaigh, ansin tapáil Sábháil.Chun é a scriosadh:
༚ Tapáil an cnaipe Scrios in aice leis an eochairfhocal ar an liosta, ansin tapáil Scrios arís chun é a dheimhniú.
༚ Tapáil an eochairfhocal, ansin tapáil Scrios eochairfhocal.Tapáil Scrios arís chun é a dheimhniú.
Tabhair faoi deara: Más tuismitheoir nó caomhnóir thú, is féidir leat scagairí eochairfhocal a bhainistiú do do dhéagóir trí Phéireáil Teaghlaigh.
Chun haischlibeanna a scagadh go díreach ó phostáil nó fógra san fhíd Duit:
1. San aip TikTok, brúigh agus coinnigh ar an bpostáil, ansin tapáil Níl suim agam ann.Is féidir leat tapáil ar an gcnaipe Roinn ar an taobh freisin, agus tapáil Níl suim agam ann.
2. Tapáil Sonraíag an mbun.
3. Roghnaigh an rogha is fearr leat thíos Níl suim agam ann.
4. Tapáil Sonraí arís ag an mbun chun liosta haischlibeanna atá le feiceáil sa phostáil a thaispeáint.
5. Roghnaigh na haischlibeanna ar mhaith leat a scagadh, ansin tapáil Cuir Isteach.
Cad is Péireáil Teaghlaigh ann?
Ceadaíonn Péireáil Teaghlaigh ar TikTok do thuismitheoirí, do chaomhnóirí agus do dhéagóirí a gcuid socruithe sábháilteachta a oiriúnú de réir riachtanais an duine aonair.Faigh amach gnéithe Péireála Teaghlaigh a sholáthraíonn acmhainní duit chun cabhrú le do dhéagóir féachaint thart ar TikTok go sábháilte.
Acmhainní sábháilteachta
Ag TikTok, ba mhaith linn a chinntiú go bhfuil na hacmhainní sábháilteachta agat a theastaíonn uait chun d'eispéireas ar líne a chosaint.Tá na hacmhainní seo a leanas ar fáil má theastaíonn tacaíocht uait féin nó ó dhuine a bhfuil aithne agat air.
Ionad Sábháilteachta
Tabhair cuairt ar ár nIonad Sábháilteachta chun tuilleadh a fhoghlaim faoi acmhainní agus uirlisí sábháilteachta ar TikTok.Is féidir leat faisnéis a fháil freisin faoi stádas do chuntais agus taifid ar aon tuarascálacha a chuir tú isteach, agus aiseolas a chomhroinnt sa leagan aipe den Ionad Sábháilteachta.
Chun cuairt a thabhairt ar ár nIonad Sábháilteachta:
1. San aip TikTok, tapáil Próifíl ag an mbun.
2. Tapáil ar an gcnaipe ☰ Roghchlár ag an mbarr, ansin roghnaigh Socruithe agus príobháideachas.
3. Tapáil Tacaíocht.
4. Tapáil Ionad Sábháilteachta.
Acmhainní domhanda
• Family Online Safety Institute
• Internet Watch Foundation
• WePROTECT Global Alliance
• National Center for Missing & Exploited Children
Acmhainní áitiúla
Le haghaidh liosta eagraíochtaí áitiúla, tabhair cuairt ar ár n-Ionad Sábháilteachta agus roghnaigh do thír nó réigiún.
Acmhainní breise
Is féidir leat acmhainní breise a fháil inár n-Ionad Sábháilteachta do na nithe seo a leanas:
• Tacaíocht mí-úsáide ghnéasach
• Neamhoird itheacháin
• Bulaíocht a chosc
• Féinmharú agus féindochar
• Treoir folláine
• Treoir don chaomhnóir