Ag TikTok, is é an sprioc atá againn ná pobal sábháilte fáilteach a chruthú.Ní cheadaíonn muid ráitis ná iompar ciaptha, díghrádaithe ná bulaíochta, agus bainimid ábhar cosúil le bagairtí foréigneacha, fuathchaint, teacht i dtír gnéasach, docsáil agus cineálacha eile ciaptha a sháraíonn ár bpolasaithe.
Is eol dúinn go háirithe tionchar na bulaíochta ar leanaí.Má tá imní ort faoi aon ábhar ar TikTok a bhfuil an chuma air go ndéanann bulaíocht ar dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois, cuir in iúl é tríd an bhfoirm gréasáin seo le gur féidir linn sonraí imscrúdaithe breise a fháil agus nuashonruithe a sheoladh chugat trí SMS nó ríomhphost laistigh de thréimhsí ama sonraithe.Cuirfidh na nuashonruithe seo in iúl duit faoinár n-iarrachtaí chun aon ábhar a sháraíonn ár dTreoirlínte Pobail a bhaint.
Má thagann tú ar ábhar eile ar TikTok a cheapann tú go bhfuil bulaíocht de chineál ar bith ann, tuairiscigh dúinn é trínár roghanna tuairiscithe ginearálta.
Foghlaim tuilleadh faoi chosc bulaíochta agus conas sáruithe a thuairisciú inár nIonad Sábháilteachta.