Téigh go dtí mír
Modhnóireacht ábhair ar TikTok•Stríoca cuntais agus toirmisc
Modhnóireacht ábhair ar TikTok
Baineann ár dTreoirlínte Pobail le gach úsáideoir agus leagann siad treoir ar cad atá agus nach bhfuil ceadaithe ar TikTok chun cabhrú le heispéireas fáiltiúil, sábháilte agus siamsúil a chothú do chách..Tá uirlisí agus teicneolaíocht forbartha againn chun ábhar agus iompar dochrach a aithint agus a bhaint a théann i gcoinne ár dTreoirlínte Pobail.Cabhraíonn na huirlisí seo linn feabhas a chuir ar shábháilteacht ár bpobal agus macántacht ár n-ardán a chothabháil.
Anuas air sin, coinníonn muid cruthaitheoirí a shaothraíonn nó a thógann buntáiste onár n-ardán chun iad féin a chur chun cinn go leibhéal níos airde.Bíonn muid ag súil go leanfaidh cruthaitheoirí ar TikTok Cód Iompair an Chruthaitheora agus iad féin a iompar ar bhealach nach gcuireann contúirt ar shábháilteacht daoine nó ar mhacántacht ár n-ardán.
Foghlaim níos mó faoi Chód Iompair an Chruthaitheora inár n-Acadamh Cruthaitheora.
Conas a aithníonn TikTok sáruithe agus a Threoirlínte Pobail a chuir i bhfeidhm?
Úsáideann muid athbhreithnithe daonna agus uathoibríoch chun sáruithe a aithint dár Treoirlínte Pobail agus bíonn muid gníomhach i gcoinne cuntais agus ábhar a sháraíonn iad.Má aimsíonn muid sáruithe agus táimid gníomhach, tabharfar fógra d'úinéir an chuntais.
Cad a tharlaíonn má tá d'ábhar TikTok faoi athbhreithniú?
Má tá d'ábhar TikTok faoi athbhreithniú, déanfaidh ár bhfoireann Trusta agus Sábháilteachta athbhreithniú air ar dtús chun cineadh a dhéanamh ar cheart é a bhaint nó é a dhéanamh neamh-incháilithe don fhíd Duitde réir ár dTreoirlínte Pobail.D'fhéadfadh sé seo tarlú nuair a uaslódálann tú ábhar, má bhíonn éileamh air, nó má thuairiscítear é.
Má aimsítear sárú:
• Bainfidh muid an ábhar agus, más ea, cuirfidh muid an fáth in iúl duit.
• Tabharfar an deis duit achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh.
Cad a tharlóidh má tá do phost neamh-incháilithe don fhíd Duit?
I gcásanna áirithe, mar atá leagtha amach inár dTreoirlínte Pobail, d'fhéadfaimis a chinneadh nach bhfuil d'ábhar cáilithe fhíd Duit.Nuair a tharlaíonn sé seo, ní thaispeánfar do phostáil san fhíd Duit.Is féidir leat féachaint ar an gcúis, aiseolas a chur isteach ar ár gcinneadh agus achomharc a dhéanamh má chreideann tú go bhfuil botún déanta againn.Má éiríonn leis an achomharc, beidh do phost i dteideal moladh a fháil san fhíd Duit.
Coinnigh i gcuimhne go gcaithfidh tú anailísíocht a chur ar siúl i do shocruithe TikTok chun ár gcinneadh a fheiceáil.
Chun anailísíocht do phostálacha a chur ar siúl:
1. San aip Tiok, tapáil Próifíl ag an mbun.
2. Tapáil an cnaipe Roghchlár☰ ag an mbarr, ansin roghnaigh Stiúideo TikTok.
3. Tapáil Cuir tús leis laistigh de Anailísíocht.
4. Tapáil Cas air.
Chun tuilleadh sonraí a fháil faoinár gcinneadh:
1. San aip TikTok, téigh chuig an bpostáil ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoi.
2. Tapáil Tuilleadh léargais ag an mbun nó tapáil an cnaipe Tuilleadh roghanna … ar thaobh an phostáil, ansin tapáil Anailísíocht.
3. Tapáil an fógra don phost neamh-incháilithe.
4. Athbhreithnigh an aiseolas.Is féidir leat Tá nó Níl a roghnú chun an dtuigeann tú nó nach dtuigeann tú cén fáth nach bhfuil do phost incháilithe don fhíd Duit.Má roghnaíonn tú Níl, is féidir leat na céimeanna ar an gcéad scáileán eile a leanúint chun aiseolas a roinnt agus cabhrú linn ár mbearta modhnóireachta a fheabhsú.
Mura n-aontaíonn tú lenár gcinneadh go bhfuil do phost incháilithe don fhíd Duit, is féidir leat achomharc a chur isteach.
Chun achomharc a chur isteach:
1. San aip TikTok, téigh chuig an bpostáil atá neamh-incháilithe don fhíd Duit.
2. Tapáil Tuilleadh léargais ag an mbun nó tapáil an cnaipe Tuilleadh roghanna … ar thaobh an phostáil, ansin tapáil Anailísíocht.
3. Tapáil an fógra don phost neamh-incháilithe.
4. Tapáil Achomharc ag an mbarr.
Conas a chuireann TikTok a Threoirlínte Pobail i bhfeidhm do chuntais rialtais, polaiteora, agus nuachta?
Úsáideann muid na cleachtais mhodhnóireachta ábhair chéanna do Chuntais Rialtais, Polaiteora, agus Páirtí Polaitíochta agus eintitis nuachta is a n-úsáideann muid do chuntais TikTok eile.Ciallaíonn sé seo go mbainfidh muid ábhar sháraithe agus go gcuirfidh muid cosc buan ar chuntais a sháraíonn ábhar, mar shample, ag taispeáint foréigean sa saol dáiríre nó céasadh.Ach, mar gheall air an ról atá ag na cuntais le leas an phobail i bpróisis agus sochaí sibhialta, cuireann muid srianta ar chuntais éagsula chun cloí lenár dtiomantas do chearta daonna agus saor-léiriú.Má shroicheann siad an teorainn stríoca atá socraithe do na cuntais ar fad, beidh siad neamh-incháilithe go sealadach taispeáint sna fídeanna Duit agus Ag leanúint ar feadh 90 lá.
I gcásanna áirithe, má chuireann cuntais le leas pobail riosca ard go sábháilteacht poiblí i láthair - mar shampla le lin tréimhsí corraíl shibhialta, toghcháin, nó timpeallachtaí shóisialta agus ard-riosca sóisialta - d'fhéadfadh linn srianta eile a chuir i bhfeidhm.Má phostálann cuntas le leas an phobail le linn amanna ard-riosca a chuireann foréigean, fuath nó mífhaisnéis chun cinn a d'fhéadfadh an bonn den phróiseas sibhialta a bhaint nó cuir le díobháil sa saol dáiríre, d'fhéadfadh linn srian a chuir ar an gcuntas sin ó ábhar a phostáil do thréimhse idir 7 agus 30 lá, ag bráth ar déine an sárú agus an riosca thimpeallaithe.D'fhéadfadh linn an tréimhse srianta a shíneadh má dhéanann muid cinneadh go léiríonn gníomhaíochtaí úinéir an chuntais go bhfuil sé dóchúil go leanfaidh siad ar aghaidh leis na sáruithe agus má bhaineann ard-riosca le sábháilteacht poiblí.D'fhéadfadh linn trácht a dhéanamh ar iompar lasmuigh de TikTok inár gcinneadh chomh maith.
stríoca cuntais agus cosc
Cad a tharlaíonn do do chuntas TikTok má bhaintear d'ábhar?
An chéad uair a bhaintear d'ábhar mar gheall air shárú ar ár dTreoirlínte Pobail, gheobhaidh tú rabhadh stríoca ar do chuntas.Gheobhaidh tú fógra chun an fáth gur bhaintear d'ábhar a mhíniú, cén treoirlíne a sháraigh an ábhar, agus conas achomharc a chuir isteach má chreideann tú go ndearna muid botún.Coinnigh i gcuimhe má tá do chéad sárú trom, ní bhainfidh sé seo duit agus gheobhaidh tú stríoca in ait rabhadh.Seans go gcaillfidh tú do chuntas:
Comháiríonn ár gcóras an méid uair a sháraigh do chuntas ár dTreoirlínte Pobail, agus do gach sárú tar éis do chéad rabhadh, gheobhaidh tú stríoca ar do chuntas.
Áirímid stailceanna de réir réimse beartais mar atá liostaithe inár dTreoirlínte Pobail (mar shampla, sábháilteacht agus sibhialtacht) nó de réir gné (mar shampla, nótaí tráchta nó teachtaireachtaí díreacha).Gheobhaidh do chuntas stríoca bunaithe ar dhéine an tsáraithe polasaí.Déanfaimid na stríoca a chomhaireamh go dtí go sroicheann do chuntas an tairseach le haghaidh cosc buan ar chuntas.Cuirfimid in iúl duit aon iarmhairtí a bhaineann le sáruithe, lena n-áirítear má tá tú ar tí a bheith toirmiscthe.Is féidir leat rochtain a fháil freisin ar thaifead de do sháruithe i seiceáil cuntais.
Chun fógraí sáruithe a athbhreithniú:
1. San aip TikTok, tapáil Bosca Isteach.
2. Tapáil Fógraí an chórais.
3. Tapáil Nuashonruithe cuntais.Seans go mbeidh ort scrolláil trasna.
Coinnigh i gcuimhne maidir le sáruithe athdhéanta nó ag bráth ar dhéine an sárú, d'fhéadfadh linn cosc buan a chuir ar do chuntas.I gcásanna áirithe, do sháruithe agus gnéithe ar leith á úsáid cosúil le BEO nó teachtaireachtaí díreacha, d'fhéadfadh linn srian sealadach a chuir ar rochtain na gnéithe, nuair atá d'ábhar faoi athbhreithniú chun cinntiú nach dtéann tú i ngleic le hiompar sáraithe arís.
An dtéann stríoca ar do chuntas TikTok in éag?
Rachaidh stríoca ar do chuntas TikTok in éag tar éis 90 lá agus ní dhéanfar breithniú orthu níos mó do chosc buan ar do chuntas.
Cén fáth go gcuireann TikTok cosc buan ar chuntais?
D'fhéadfadh go gcuirfeadh muid cosc buan ar chuntais má aithníonn muid na sáruithe a leanas ar ár dTreoirlínte Pobail agus Tearmaí Seirbhíse, lena n-áirítear:
• Níor chomhlíon tú an t-íosmhéid aoise nó riachtanais eile mar a léirítear inár dTéarmaí Seirbhíse.
• D'aithris an cuntas duine nó eintiteas eile ar bhealach mealltach.
• Tá sárú tromchúiseach agat ar do chuntas:
༚ Ábhar um dhúshaothrú na n-óg nó um mhí-úsáid ghnéasach leanaí (AMGL) arna Phostáil, arna Chur chun cinn nó arna Éascú
༚ Foréigean curtha chun cinn nó faoi bhagairt
༚ Ábhar postáilte nó curtha chun cinn a léiríonn gníomhartha gnéis neamh-chomhthoiliúla amhail éigniú nó drochúsáid
༚ Ábhar postáilte a éascaíonn gáinneáil ar dhaoine
༚ Ábhar postáilte a léiríonn céasadh an fhíorshaoil
• Chruthaigh nó d'úsáid tú cuntas TikTok eile chun srianta nó toirmeasc buan a cuireadh ar chuntas eile a sheachaint d'aon ghnó.
• Shroich do chuntas an tairseach stailce maidir le sáruithe iolracha laistigh de bheartas nó de ghné.
• Sáruithe iolracha ar ár mBeartas um Maoin Intleachtúil.
• Tá do chuntas ann chun ár rialacha a shárú agus chuige sin amháin.
Conas a mbeidh a fhios agat má tá cosc buan curtha ar do chuntas TikTok?
Má cuireadh cosc ar do chuntas, gheobhaidh tú fógra meirge nuair a dhéanann tú iarracht logáil isteach san aip, ag cur in iúl duit go bhfuil cosc ar an gcuntas seo.
Conas is féidir liom rochtain a fháil ar mo chuntas tar éis cosc a bheith curtha air?
Má cuireadh cosc ar do chuntas, is féidir leat logáil isteach sa chuntas chun achomharc a aighniú agus do shonraí pearsanta a íoslódáil.Coinnigh i gcuimhne go scriosann muid sonraí pearsanta tar éis tréimhse ama de réir dlíthe infheidhme agus ár bpolasaí coinneála sonraí.Tar éis dúinn é a scriosadh, ní bheidh do chuntas ar fáil níos mó.
Conas achomharc a dhéanamh má bhaintear d'ábhar nó má chuirtear cosc ar do chuntas TikTok.
Má chreideann tú go mbaineadh d'ábhar nó cuntas trí thimpiste, is féidir leat achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh seo.
Má cheadaítear d'achomharc:
• Ligfear d'ábhar nó cuntas ar ais (seachas má scrios tú an cuntas nó an t-ábhar cheana féin).
• Bainfear an stríoca seo de do chuntas.
Nóta: Fiú má scriosann tú d'ábhar ní bhaineann sé sin stríoca, agus d'fhéadfadh stríoca tarlú tar éis duit d'ábhar sáraithe a scriosadh.
An féidir leat cuntas TikTok nua a chruthú tar éis cosc?
Is féidir leat cuntais iolrach a chruthú ar TikTok.Ach, d'fhéadfadh linn srian nó cosc buan a chuir ar do chuntas má dheanann tú iarracht ar bith srian nó cosc a bhaineann le cuntas eile atá agat a sheachaint, lena n-áirítear:
• Cuntas nua a chruthú tar éis cosc a cuireadh ar do chuntas mar gheall air shárú dian.
• Ábhar sáraithe a phostáil ar chuntas nua nó a mhaireann.
• Sáruithe ábhair a spréadh trasna cuntais iolrach.
Bíonn sé seo i bhfeidhm chomh fada is a bhfuil an srian gníomhach ar do chuntas eile.