Léim go mír
Conas postálacha a chomhroinnt ar TikTok • Conas próifíl a chomhroinnt • Conas fuaim a chomhroinnt • Conas haischlib a chomhroinnt
Is féidir leat fuaimeanna, cruthaitheoirí nó físeáin atá ag treochtáil a roinnt le do chairde, le do theaghlach agus le do phobal leathan ar TikTok nó trí ardáin mheán sóisialta eile.
Conas postálacha a chomhroinnt ar TikTok
Chun postáil TikTok a chomhroinnt:
1. San aip TikTok, téigh go dtí an bpostáil.
2. Tapáil an cnaipe Comhroinn ar thaobh an phostála.
3. Roghnaigh an chaoi ar mhaith leat an postáil a chomhroinnt.
4. Lean na céimeanna don ardán atá roghnaíodh agat.
I gcás roinnt postálacha ar an bhfíd Duitse, is féidir linn tú a spreagadh chun iad a roinnt le daoine a bhfuil aithne agat orthu nó le duine ar a raibh tú ag idirghníomhú leo ar TikTok. Tapáil an leid ag bun an phostála chun é a chomhroinnt leis an duine sin i dteachtaireacht dhíreach.
Coinnigh i gcuimhne, nuair a sheolann tú postáil chuig cara ar ardán eile, seolfar an postáil sin ar TikTok chuige freisin, ar choinníoll go dtapáilfaidh sé ar an nasc comhroinnte agus go gceadóidh sé teachtaireachtaí díreacha ó dhaoine eile.
Chun postáil a comhroinneadh leat a íoslódáil:
1. San aip TikTok, téigh go dtí an bpostáil.
2. Tapáil an cnaipe Comhoinn.
3. Tapáil Sábháil grianghraf nó Sábháil físeán. Ní thaispeánfar an rogha seo ach do phostálacha a bhfuil an ceadanna íoslódála curtha ar siúl acu.
Conas próifíl a chomhroinnt
Chun do phróifíl TikTok a chomhroinnt:
1. San aip TikTok, tapáil Próifíl ag an mbun.
2. Tapáil Próifíl a chomhroinnt.
3. Roghnaigh an chaoi ar mhaith leat do phróifíl a chomhroinnt.
4. Lean na céimeanna don ardán atá roghnaíodh agat.
Chun do phróifíl TikTok a chomhroinnt trí chód MF:
1. San aip TikTok, tapáil Próifílag an mbun.
2. Tapáil an cnaipe Roghchlár ☰ ag an mbarr, ansin tapáil Mo chód MF.
3. Lig do dhaoine eile do chód MF a scanadh le ceamara a ngléas nó leis an scanóir cód MF ionaipe ag barr an scáileáin.
Chun próifíl TikTok cruthaitheora eile a chomhroinnt:
1. San aip TikTok, téigh go dtí próifíl an chruthaitheora.
2. Tapáil an grianghraf próifíle nó tapáil an cnaipe Comhroinn ag an mbarr.
3. Roghnaigh an chaoi ar mhaith leat an phróifíl a roinnt.
Conas fuaim a chomhroinnt
Chun fuaim a chomhroinnt ar TikTok:
1. San aip TikTok, téigh go dtí an fhuaim tríd an gcnaipe Fuaim a thapáil ag bun postála, sin nó cuir isteach an méid atá á lorg agat sa bharra cuardaigh ag an mbarr.
2. Tapáil an cnaipe Comhroinn ag an mbarr.
3. Roghnaigh an chaoi ar mhaith leat an fhuaim a chomhroinnt.
Conas haischlib a chomhroinnt
Chun haischlib a chomhroinnt ar TikTok:
1. San aip TikTok, tapáil an haischlib i gcur síos an postála, nó cuir isteach an haischlib sa bharra cuardaigh ag an mbarr.
2. Tapáil an chluaisín Haischlibeanna faoin mbarra cuardaigh. Seans go mbeidh ort scrolláil ar dheis.
3. Tapáil an haischlib ar mhaith leat a chomhroinnt, ansin tapáil an cnaipe Comhroinn ag an mbarr.
4. Roghnaigh an chaoi ar mhaith leat an haischlib a chomhroinnt.